Luke 17

Nach bhfuil Dia na fhéicheamh ag aón dúine, 22 agus go tiocfaidh Críosd a nam nach saóiltheor.

1 Agus a dubhairt sé ris na deisciobluibh, Ní héidir nach dtíocfuid sgannalacha!: achd is trúagh don , tré a dtigid said! 2Do bfearr dhó cloch mhuilinn do chur fá na mhuinéul, agus a theilgean ann sa bhfairrge, ná áon don mhuinntir bhigsi sgannlachadh.

3¶ Tabhraidh bhur naire dhíbh féin: Má pheacaigheann do dhearbhrathair ad aghaidh, imdhearg é; agus má ní sé aithrighe, tabhair maitheamhnus dó. 4Agus má pheacaigheann sé ad aghaidh seachd nuáire sa ló, agus go bhfillfe sé chugad seachd nuáire sa ló, ag rádh, Atá aithreachas oram; tabhair maitheamhnus dó.

5¶Agus a dubhradar na heasbuil ris, A Thighearna, méuduigh ar gcreideamh. 6Agus a dubhairt an Tighearna, Dá mbeith oiread ghráinne musdaird do chreideamh aguibh, déaradh sibh ris a gcrann sicaminso, Eirigh as do fhréamhach, agus curthar an sa bhfairge thú; agus do umhlochadh sé dhaóibh. 7Agus cía aguibh, agá bhfuil searbhfhoghantuidhe a treabhadh no a coimhéd treada, lé a naibéoradh sé ar an mball, an tan do thiocfadh sé ón bhfearann, Imthigh agus suidh sios ar an bord? 8Achd a né nach aibéora sé ris, Ullmhuigh an ní íosas mé ar mo shuiper, agus cuir do chrios thort, agus fritheóil damhsa, no go nithe mé agus go nibhe mé; agus tar éisi sin ithsi agus ibh? 9An mbía buidheachas aige ar a tsearbhfhoghantuidhe úd do bhrigh go ndearna sé na neithe do haithneadh dhe? Ní shaóilim gormbía. 10Augs is mar sin dáoibhsi, an tan do dhéantaói gach uile ní dár haithniughadh dhíbh, abruidh, Is searbhfhoghantuidhe neamhtharbhacha sinn: óir do rinneamar an ni do bhi dfíachaibh oruinn do dhéanamh.

11¶ Agus tárla, ag dul súas dó go Hierúsalém, gur ghabh sé sé tré lár na Samária agus na Galilé. 12Agus an tráth do chuáidh sé a sdeach go baile áirighe, tárladar deithneabhar fir lóbhar air, do sheas a bhfad úadh: 13Agus do árduigheadar a nguth, ag rádh, A Iósa, a Mhaighisdir, déana trócaire oruinn. 14Agus an tan do chunnairc sé íad, a dubhairt sé riu, Imthighidh foillsighidh sibh féin do na sagartuibh. Agus tárla, ag imtheachd doibhsion, gur glanadh íad. 15Achd fear aca, mar do chuinnairc sé é féin ar na shlánughadh, dfill sé air, ag moladh Dé do ghuth mhór, 16Agus do thuit sé ar a aghuidh agá chosaibhsean, ag breith bhuidheachais ris: agus budh Samaritánach an fearso. 17Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé, A né nach bhfuilid deithneabhar ar na nglanadh? agus a náonbhar cáit a bhfuilid? 18Níor frith ag filleadh do thabhairt gloíre do Dhía, achd an coigcrigheachso. 19Agus a dubhairt sé ris, Eirigh, imthigh romhad: do shlánuigh do chreideamh thú.

20¶ Agus an tan dfiafruigh na Phairisinigh dhe, Cía an tráth thiocfadh riogháchd Dé, do fhreagair sé iád agus a dubhairt sé, Ní thiocfa rioghachd Dé récoimhéd. 21Agus ní aibheóruid said, Féuch ann so! nó, féuch ann súd! oír, féuch, atá ríoghachd Dé aguibh an bhus measg.

22¶ Agus a dubhairt sé ré na dheisciobluibh, Tiocfuidh a naimsir, an a mbia míangus oruibh áon do laéthibh Mhic an duine dfaicsin, agus ní fhaicfithí. 23Agus a déarúid said ribh, Féuch ann so; nó, féuch ann so: achd ná himthigh, agus na leanuidh iád. 24Oír amhuil agus mar dheallruigheas an tinnteach, shoillsigheas ó náird go chéile fáoi neamh, is mar sín bhiás Mac an duine mart an gcéndna ann a lá féin. 25Achd is éigin dó ar tús mórán dfulang, agus a dhiultadh ón chineadhsa. 26Agus mar do tharla a laéthibh Náoi, is mar sin fós bhiás a laéthibh Mhic an duine. 27Do bhádar ag ithe, ag ibhe, ag posadh, agus ag tabhairt chum posda, gus an lá ann a ndeachaidh Náoi do náirc, agus táinic an dile, agus do sgris sí iád uile. 28Agus ar a nós gcéadna mar tharla a laéthibh Lot; do bhádar ag ithe, ag ibhe, ag ceannach, ag reic, ag plantugheadh, ag tógbhail tighthe; 29Achd an lá ann a ndeachaidh Lot amach as Sodom do fearadh teine agus ruibh ó neamh, agus do sgrios sé iúd uile. 30Is da réir so bhias ar an lá ann a bhfoillseochthar Mac an duine. 31Ann sa lá sin, an té bhiás a tigh, agus a mháoin ann sa tighsin, ná tuirlingeadh sé chum a dtógbhála: agus an tí atá ar an machaire, na casadh sé tar a ais mar an gcéadna. 32Cuimhnighe ar mhnáoi Lot. 33Gidh bé neach iárrfas a anam féin do shabháil caillfidh sé é; agus gidh bé chaillfeasa anam beodhfuidh sé é. 34A deirim ribh, béid diás a náoinleabaigh ann sa noidhche úd; geubhthar lé háon aca, agus fúighfighthear an fear eile. 35Beid diás ban ag bróinteórachd a náoinfheachd; géubhthar lé mnáoi aca, agus fuigfighthear an dara bhean. 36Beid diás fear ar an machaire; géubhthar lé háon aca, agus fuigfighthear an fear eile. 37Agus ar bhfreaga dhóibhsion a deirid ris, Gá háit, a Thighearna? Agus a dubhairt seision riú, Gidh bé ball a mbíu an corp, is ann sin fós chruinneochthar na hiolair.

Copyright information for IriODomhnuill